English

Polasaí Paisinéirí

Cód Iompair do Phaisinéirí

Ní mór do phaisinéirí, nó do dhaoine atá ar intinn acu taisteal, cloí leis na rialacha seo a leanas:

  • Ní ceadmhach do phaisinéir an tiománaí ná aon duine eile atá fostaithe ar an bhfeithicil nó timpeall uirthi a bhac ná a chosc d’aon ghnó.
  • Ní ceadmhach do phaisinéir dul isteach sa bhfeithicil ná imeacht aisti ach amháin ag áit stad.
  • Ní mór do phaisinéir fanacht ina shuí fad atá an fheithicil ag gluaiseacht.
  • Ní mór do gach paisinéir cloí le haon treoir dleathach a thugann an tiománaí dóibh, lena n-áirítear iarratas chun an fheithicil a fhágáil nó gan dul isteach inti.
  • Ní ceadmhach do phaisinéir teanga mhígheanasach ná oilbhéasach a úsáid ná é féin/í féin a iompar ar bhealach círéibeach nó mí-ordúil.
  • Ní ceadmhach do phaisinéir todóg, toitín ná r-toitín a chaitheamh in aon chuid den fheithicil.
  • Ní ceadmhach do phaisinéir, chun crá paisinéirí eile, aon ghléas gan sreang ná gléas eile a úsáid nó a oibriú, ná aon torann iomarcach a dhéanamh nó a dhéanamh i gcomhar le duine nó daoine eile trí chanadh, scairteadh nó ar bhealach eile.
  • Ní ceadmhach do phaisinéir aon bhuidéal, leacht, bruscar ná aon alt nó mír eile a chaitheamh amach as an bhfeithicil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhuine ar bith nó baol nó gortú a chruthú do dhuine nó do mhaoin.
  • Ní ceadmhach d’aon phaisinéir ainmhí a thabhairt leo ar an bhfeithicil ach amháin le cead ón tiománaí. Féadfaidh an tiománaí an cead sin a tharraingt siar tráth ar bith, agus caithfidh an t-ainmhí fanacht sa chuid den fheithicil a ordóidh an tiománaí.
  • Ní mór do gach paisinéir aon earra caillte a aimsítear acu ar an bhfeithicil a thabhairt don tiománaí.
  • Ní mór do phaisinéirí an táille a íoc don turas iomlán a ghlactar nó atá beartaithe acu a ghlacadh agus glacadh leis an ticéad cuí.

Féadfaidh an Tiománaí Paisinéir a Chosc ó Dhul Isteach nó Iarradh air/uirthi an Fheithicil a Fhágáil

  • Aon phaisinéir nach gcloíonn leis na rialacha thuas.
  • Aon phaisinéir nó duine atá ar intinn aige/aici taisteal atá, dar leis an tiománaí, i riocht a d’fhéadfadh a bheith míthaitneamhach do phaisinéirí eile ar an bhfeithicil.
  • Aon phaisinéir nó duine atá ar intinn aige/aici taisteal a bhfuil éadaí á gcaitheamh aige/aici a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go ndéanfaidís dochar do líneálacha nó cúisíní na feithicle, nó d’éadaí paisinéirí eile ar an bhfeithicil.